← Tháinig an Fairceallach isteach agus shuigh sé síos sa chúinne. 🔊✎
← Nuair a tháinig Fionn agus na Fianna isteach níor chorraigh éinne acu agus níor thógadar a gceann. 🔊✎
← Tháinig an Fairceallach isteach ansin agus chuir sé bia agus deoch ar na boird d'Fhionn agus do na Fianna. 🔊✎
← Nuair a bhí a raibh ar na boird ite agus ólta acu, tháinig siad anuas agus shíneadar san áit chéanna ar imeall na tine le hais an tseanduine. 🔊✎
← Tháinig an Fairceallach isteach agus ní fhaca sé greim bia ná dí ar aon bhord. 🔊✎
← Tháinig an Fairceallach isteach arís don tarna huair agus ní raibh aon ní ar aon bhord ag Fianna Éireann roimhe. 🔊✎